Your cart is currently empty!
An Bhé Ghlas
Original price was: €12.00.€8.04Current price is: €8.04.
An Bhé Ghlas: 112 lch; clúdach bog; 978-1-909907-56-0
I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin. Mar atá ráite go minic tá gné mhisteach i mbard Mhín a’ Leá agus é ag adhradh na ndúl agus ag altú an daonnaí.
Ó Ghort an Choirce go Gaza
Anseo tá sainchreideamh an tseanreachta á cheiliúradh aige go dúilmhear dúshlánach. Seo guth glas na Gaeilge. Ach mar a léirítear sa chnuasach ilghnéitheach seo, ní file an aon phoirt é. Tá sé i dtiúin leis an saol agus é ag freagairt do chúrsaí cinniúnacha ó Ghort an Choirce go Gaza “ag tabhairt teanga don tost a thachtann muid”, mar a tá ráite aige féin. Ag an Oireachtas in 2015, bhain Cathal Ó Searcaigh an chéad duais amach sa chomórtas filochta leis an gcnuasach seo
Tapping into deep archetypal, communal and individual sources
“Is go ‘fonnmhar, fiáin, fuilchraosach’, mar a deir sé féin linn, a thugann an Searcach faoi dhánta a sholáthar atá ‘gleoite, gléghlan, glórmhar’. — Caoimhin Mac Giolla Léith
“If Ó Searcaigh digs deep, he also digs wide. Arabic poetry, the poetry of Li Bai, innumerable references to the Gaelic song tradition, these and other sources are all part of his poetic context… He is tapping — in the literal sense — into deep archetypal, communal and individual sources, and the poetry is correspondingly rich and deep.” — Paddy Bushe, Poetry Ireland
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoiOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.Scéal Ghearóíd Iarla: Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Teach an Gheafta
Cathal Ó SearcaighOriginal price was: €18.00.€12.06Current price is: €12.06.céal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Fonn a Níos Fiach
Pádraig Ua MaoileoinOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.'Fonn a níos fiach' a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Saighdiúir
Cathal Ó SearcaighOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é...
Cuir sa Chiseán