An Lon Dubh

Diarmuid Johnson

20.00

An Lon Dubh (Y Deryn Du); albam, 40 nóiméad; LP Vinyl.

Foinn mhalla agus poirt damhsa

Tá idir cheol na Breataine Bige agus cheol na hÉireann ar An Lon Dubh, albam fliúiteadóireachta le Diarmuid Johnson. Is idir 2002 agus 2006 a thóg sé cuid mhór den cheol atá ar an gceirnín. Le linn an ama sin, is in Ceredigion in iarthar na Breataine Bige a bhí cónaí air.

An aithne a chuir sé ar an bpíobaire Ceri Matthews agus ar an amhránaí Julie Murphy ba thús don scéal. Thiomáin sé boithríní na tíre le Ceri agus Julie, agus chuir eolas ar áiteanna ársa iargúlta a raibh fáilte iontu roimh lucht an cheoil.

Foinn mhalla, poirtíní béil agus ceol rince ón 18ú haois agus ón 19ú haois atá ar An Lon Dubh. Is ceol é a baineadh as seanlámhscríbhinní atá gan foilsiú agus as leabhra atá as cló le fada.

Uaigneas na mbóithre agus teolaíocht na dtinte móna

I measc na dtaighdeoirí agus na gceoltóirí sin, tá Martin Leamon agus Sille Ilves, Dan Morris, John Morgan, Jason Lawday, Cas Meurig, agus fámairí eile ó Swansea agus ó Cardiff a thagadh an bealach ó am go chéile.

Cois tine oíche gheimhridh ar an sliabh in Cwm Peris a taifeadadh An Lon Dubh. Tá a shliocht sin air óir is iad blas an airneáin agus teolaíocht na móna atá ar an gceol agus ar an dá shliocht filíochta – ceann i nGaeilge agus ceann i mBreatnais – a dúirt Diarmuid an lá sin.

Is é Ceri Rhys Matthews a léirigh An Lon Dubh i bpáirt le comhlacht Fflach Tradd, Aberteifi.