Ceallach

Diarmuid Johnson

16.00

Ceallach: 144 lch; clúdach crua; 978-1-913814-25-0

Ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Cillín ar an Uaigneas

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Scéal Cheallaigh: Scéal na hEorpa

Ceallach: manach agus mac rí; deoraí agus díthreabhach – is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Ceallach: níor fhill sé ar Éirinn lena bheo. Ach tá scéal a bheatha slán arís.

“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.” Áine Ní Ghlinn, The Irish Times.

“Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

“Is beag leabhar Gaeilge a bhfuil stíl chomh dearscnach snoite agus chomh hoiriúnach don ábhar intuairiscithe leis an gceann seo. Is í cúis í sin, go bhfuil friotal sainiúil dealbhtha aige a dhéanann macalla dílis ar stíl ghonta na Sean-Ghaeilge agus ar an gcineál teanga a chleachtaítí i mbun scéal a insint sa tréimhse sin […] Ní bréag a rá gur ceann d’iomramha na Gaeilge í seo, iomramh stairiúil ina fheisteas nua de chuid na haoise seo, na sleachta di a bhaineann leis an bhfarraige ar aon nós. Taiscéaladh i dtír aineoil an chuid eile, réaladh fírinneach ar smaointe, ar mhothúcháin, ar eagla, ar éiginnteacht, ar dhaille agus ar chreideamh diongbháilte an naoimh seo, agus mar sin, insint dá réir ar a leithéid chéanna eile a ghluais amach as Éirinn i mblianta luatha na Críostaíochta abhus d’fhonn an soiscéal a scaipeadh is a n-anam féin a dhéanamh. Snámh sa Ghaeilge seo, agus snámhfaidh tú leo ar an turas céanna.” — Alan Titley, The Irish Times

“Scríofa i nGaeilge liteartha ghonta shaibhir a léiríonn tionchar na litríochta agus líofacht scéalaíochta. Prós álainn is ea é a chruthaíonn íomhá de scríbhneoir solabhartha machnamhach.” — Marie Whelton, Léann Teanga: An Réiviú

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.