Your cart is currently empty!
Michael Kohlhaas
€16.00
Úrscéal leis an údar Gearmánach Heinrich von Kleist é Michael Kohlhaas, scéal atá bunaithe ar an bpearsa stairiúil Hans Kohlhase sa 16ú haois.
Éirí Amach in Aghaidh na hÉagóra
Is le linn an Reifirméisin a suitear an t-úrscéal seo a bhaineann le trádálaí capall a éiríonn amach in aghaidh na héagóra. Ag tabhairt eachra chun na Sacsaine atá sé nuair a chuireann oifigeach áitiúil stop leis ar an mbóthar ar an gcúis nach bhfuil na páipéir chearta aige, agus coinníonn sé na capaill i mbannaí air.
Nuair a fhilleann Kohlhaas leis na páipéir chuí tá drochíde tugtha ag an oifigeach do na capaill agus dá ghiolla, agus téann sé chun dlí ina choinne. Agus nuair nach bhfaigheann sé sásamh sa dlí, téann sé chun troda.
Saothar a Chuaigh i bhFeidhm ar Kafka agus ar na Scríbhneoirí Móra
Tá nuaíocht ar leith ag baint le téama (fonn dochloíte cearta a bhaint amach) agus le stíl an úrscéil, agus is saothar é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar scríbhneoirí ó shin, Franz Kafka ina measc. “Don Cíochótae dianmhorálta” a thug an fealsamh is scríbhneoir Gearmánach Ernst Bloch ar Mhichael Kohlhaas.
Is é Labhrás Ó Finneadha a rinne an t-aistriúchán.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Duan na Nollag
Charles Dickens & Pádraig Ua Duinnín€16.00Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán...
Cuir sa Chiseán -
Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoi€16.00Scéal Ghearóíd Iarla: Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid...
Cuir sa Chiseán -
An Cléireach
Darach Ó Scolaí€12.00An Cléireach: suite in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh...
Cuir sa Chiseán -
Súil an Daill
Darach Ó Scolaí€18.00Tir Eoghain 1539: Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Seo é scéal Chonchúir Mhic Ardail: cléireach, athair teaghlaigh, agus ardfheidhmeannach...
Cuir sa Chiseán