1 Item

Charlie agus Monarcha na Seacláide

Roald Dahl

12.00

224 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-89-8

Charlie ar Ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’

Níl an déantóir cáiliúil seacláide Willy Wonka — ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide — feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas mór ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid. Tá na ticéid curtha i bhfolach aige i gclúdaigh na mbarraí seacláide, ach cé aige a bheidh siad!!

Charlie Buicéad agus na hÚmpa-Lumpaigh

Is é Charlie agus Monarcha na Seacláide an scéal is cáiliúla le Roald Dahl. Seo é scéal Charlie Buicéid, na gcúig thicéad órga, agus na nÚmpa-Lumpach, agus scéal Willy Wonka féin. Scéal é atá buanaithe in intinn na n-óg ó chéadfhoilsíodh é in 1964. Tá os cionn 20 milliún cóip den leabhar díolta in 56 theanga. Agus ar deireadh, tá sé ar fáil i nGaeilge!

“Roald Dahl has delighted young readers since the 1960s with his irreverent stories of the idiocy, cruelty and strangeness of the adult world from the perspective of an intelligent child. Many of these are now available as Gaeilge: the Irish for the Oopa Loompas is “na nÚmpa-Lumpach”. “Monarcha” means a factory and is unrelated to the English word monarchy, although I’m sure someone somewhere is writing a thesis on the relationship between industrialization in Ireland and the interests of the royal family.” — Darach Ó Séaghdha, thejournal.ie

Léigh an léirmheas in thejounal.ie

Charlie agus Monarcha na Seacláide ar fáil ar Amazon

Léigh sliocht as Charlie agus Monarcha na Seacláide