1 Item

An Chonair Chaoch

C. Ó Giollagáin & B. Ó Curnáin

25.00

An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheagachas
Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin & Brian Ó Curnáin
400 lch; clúdach bog; 978-1-909907-76-8

“Cloud Cuckoo Land” na Gaeilge

Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas.

Tá sé d’aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch. Feidhm agus torthaí an dátheangachais shóisialta i bpobail mhionteanga ina réimsí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus na pleanála straitéisí atá faoi chaibidil.

“Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don féiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú — coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint.” Gaelscéal

Dioscúrsa na Gaeilge: Dioscúrsa ar Strae

“The editors of An Chonair Chaoch examine the language specifically in the context of the Gaeltacht and bilingualism. Unsurprisingly, the view of parents, legal issues, language planning, education, and their effect on a very fragile linguistic region, are studied in great detail here…. Many of the conclusions make for stark reading and give the lie to the oft-repeated slur that Irish speakers live in cloud cuckoo land when it comes to Irish. Far from it: serious scholarship is being devoted to understanding language erosion and how best to combat it.” —Pól Ó Muirí, The Irish Times.

An Dea-Scéala: Is Drochscéala atá sa Dátheangachas

“Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don féiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú — coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint.” Gaelscéal

Ar fáil freisin: Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin: Beartas Nua na nGael

Léigh an t-alt san The Irish Times

Léigh an t-alt in Gaelport

An Chonair Chaoch ar fáil mar rleabhar ar an gKindle (amazon)