Carnabhal na Marbh

Radvan Markus

20.00

Carnabhal na Marbh; 248 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-33-5

Leabhar taighde le duine de scoláirí móra na litríochta Gaelaí a phléann úrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal á scaipeadh go hidirnáisiúnta.

Cré na Cille sa Chomhthéacs Idirnáisiúnta

Tagann Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain i dtír ar ghnéithe éagsúla den chur chuige teoiriciúil – an carnabhalachas, an insint chiclipéideach agus an reiceolaíocht ina measc – chun áit an tsaothair i gcanóin litríocht an domhain a mheas.

Ag an am céanna, lonnaíonn an saothar seo tréithe éagsúla Cré na Cille i gcomhthéacs scríbhinní eile Uí Chadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, agus pléann sé an ceangal idir an t-úrscéal agus traidisiúin chultúrtha na hÉireann, an béaloideas, an litríocht agus an ceol.

Tour de Force ar an gCadhnach

Tugtar léargas freisin in Carnabhal na Marbh ar áit Uí Chadhain i measc nua-aoisithe Éireannacha eile a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu le fada – James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin.

Tour de force is ea an leabhar seo; an leabhar is fearr — gan aon cheist — ar an gCadhnach go dtí seo, agus ní hamháin sin ach tá sé i measc na leabhar taighde is fearr sa Ghaeilge le fada an lá. Athraíonn an saothar seo an plé, an díospóireacht agus an dioscúrsa faoi Chré na Cille ón mbonn aníos.” — An tOllamh Brian Ó Conchúbhair

“Saothar cumasach bunúil atá anseo atá bunaithe ar léitheoireacht fhairsing agus ar chomhthéacsú cumasach. Tuigeann an t-údar mórshruthanna smaointeoireachta agus liteartha a linne, agus go deimhin na ceisteanna a bhí ag dó na geirbe ag an aos liteartha agus intleachta sa domhan thiar fré chéile i gcaitheamh an 20ú haois, agus suitear a anailís ar Cré na Cille sa gcomhthéacs leathan sin.” — An tOllamh Gearóid Denvir