1 Item

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge

Feargal Ó Béarra, Arndt Wigger & Gisbert Hemprich

27.50

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge; 144 lch & CD; clúdach bog; 978-3-942002-49-3

Rogha de na ceachtanna a chum an Cadhnach i seascaidí an chéid seo caite chun an Ghaeilge a theagasc atá sa leabhar seo, mar aon le haistriúchán Gearmáinise agus aistriúchán Béarla.

Ag labhairt dó faoin togra, dúirt an Dr Gisbert Hemprich, cathaoirleach an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen (an SKSK) gur áis iontach atá sa leabhar agus sna taifeadtaí.

“is luachmhar ar fad an cnuasach seo ina bhfuil ailt ghearra teagaisc, sleachta as cleachtaí gramadaí agus foghraíochta, móide agallaimh agus aiste ag Micheál Ó Siadhail ar an gCadhnach mar léachtóir. Tá na sleachta Gaeilge ar fad aistrithe go Béarla. Fairis sin ar fad tá dlúthdhiosca (is ea, úsáidtear dlúthdhioscaí fós!) ina bhfuil an t-údar á léamh, agus mar sméar mhullaigh sliocht as tús Cré na Cille á léamh aige go tomhaiste glanbhriathrach.” —Alan Titley, Tuairisc.ie