1 Item

Óráidí a Chuaigh i gCion

Aibhistín Ó Duibh

15.00

Óráidí a Chuaigh i gCion: 208 lch; clúdach bog; 978-1-909907-63-8

Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt.

Olc agus Bréaga

Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí. Cén t-iontas go raibh an óráidíocht ar na healaíona is mó meas sa domhan clasaiceach agus go ndúirt Cicearó nach raibh rud ar bith chomh dochreidte sin nárbh fhéidir a dhéanamh inghlactha le hóráidíocht?

Ó Mhaois go Roosevelt!

Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid ar fad, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann —  leithéidí Pheiricléas, Napoléon, Abraham Lincoln, an Phiarsaigh, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt — agus óráidí nach bhfuil a gclú chomh mór sin ach a thugann léargas eile dúinn ar an saol agus ar an stair.

“Seoid is ea Óráidí”

Seoid is ea Óráidí a Chuaigh i gCion … níl lorg an aistriúcháin le brath in alt ar bith acu, ach Gaeilge chraicneach á spalpadh ag Napoléon Bonaparte, Emmaline Pankhurst agus Edward Carson. Is cuid de threalamh intleachtach iarthar an domhain nathanna mar ‘rialú na ndaoine, ag na daoine, ar son na ndaoine’, ‘an cuirtín iarainn’ agus ‘tá an aisling seo agam’. — Antain Mac Lochlainn, Comhar

“Ich bin ein Berliner”

“Caith an 15 euro atá ar ‘Óráidí a chuaigh i gcion’, bíodh sé go feiceálach ar do sheilf agat agus tarraing amach é ó am go chéile mar go bhfuil gach uile sheans ann go bhfuil deireadh ré sroichte ag ceird na hóráidíochta. Nach mbeifeá go mór in amhras go gcloisfear arís, in aon teanga, óráid ar nós an chinn a thug John Fitzgerald Kennedy ag Geata Brandenburg i samhradh na bliana 1963 agus ina raibh na focail: ‘Ich bin ein Berliner’ (106), nó aitheasc Phádraig Mhic Phiarais ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa.” — Ciarán Mac Uidhir & Máire Uí Dhufaigh. Léann na Teanga.

Óráidí na Staire

Léigh sliocht as Óráidí a Chuaigh i gCion

Féach ar leathanach FaceBook Chló Lováin

Léigh an léirmheas ar LéannTeanga