Your cart is currently empty!
Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne (clúdach bog)
€15.00
Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne: 200 lch; clúdach bog; 978 1 909907 86 7
Tá an leabhar seo as stoc agus ní bheidh cóipeanna di ar fáil arís go dtí mí Dheireadh Fómhair. Tá an leabhar ar fáil ar Kindle.
Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d’Fhionn agus don Fhiann.
Dá thoradh sin, teitheann an bheirt roimh dhíoltas Fhinn, cuirtear an tóir orthu, agus tugtar an léitheoir ar camchuairt trí dhomhan na fiannaíochta — domhan ina gcastar orainn Oisín, Oscar, Caoilte, Aonghas an Bhrogha, an Searbhán Lochlannach, trí rí-fhéinní Mhara nIocht agus a dtrí chú nimhe, Conán mac an Léith Luachra, agus go leor eile de mhóra agus de mhionphearsana na Féinne.
Ógfhear i ngleic dílseachta
Tour de force fiannaíochta is ea an t-ardsaothar seo ón 14ú hAois atá curtha in eagar dúinn ag Nessa Ní Shéaghdha. Tá Tóraíúocht Dhiarmada agus Ghráinne ar cheann de leabhair mhóra an traidisiúin Ghaelaigh.
“Ceann de na scéalta is mó le rá agus is taitneamhaí de scéalta na Fianaíochta is ea Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Is é téama an scéil ná an léan a thagann de thoradh an ghrá atá ag cailín óg — atá luaite le seanfhear — d’ógfhear atá i seirbhís an tseanfhir sin, nó atá gaolmhar leis.
“Tá an t-ógfhear i ngleic dilseachta: a dhualgas dá mháistir i gcoimheascar lena ghrá don chailín; géilleann sé don ghrá, ach má ghéilleann, ní hé an sonas ach an donas a thagann dá bharr, agus is é an bás, i mbláth a mhaitheasa cinniúint duine de na leannáin.” — Nessa Ní Shéaghdha
Scothsaothar a chaitheann solas ar chúinní dorcha i gcroí an duine
“Ach oiread le haon scothshaothar ealaíne eile, caitheann an Tóraíocht a sholas féin ar na cúinní dorcha i gcroí diamhair an duine. Ní móide go n-ídeofar a bhrí go mbeidh deireadh le suim an duine sa chroí daonna.” — Dr Louis de Paor
“Na geasa a chuireann Gráinne [ar Dhiarmaid] imeacht léithi i dtús an scéil, agus na geasa athá air óna óige gan fhios dó a fhágann go bhfuil i ndán dó go bhfaighidh sé féin agus torc Bhinne Gulban bás in aon ló le chéile. Ní bhíonn aon éaló ón gcinniúint, ach dála scéal Mhic an Bheatha le Shakespeare, is í an tslí ina n-imrítear agus ina seoltar eachtra an scéil ósna geasa tosaigh go dtís na geasa deiridh — Diarmuid ag brostú leis agus, gan fhios dó, an baol is measa roimhe seachas ina dhiaidh – is ansan athá an ardealaín, agus sin í an chúis go mbíonn agus gur cheart go mbeadh tóir agus tóraíocht ar scéal so na Tóraíochta i gcónaí. — An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
An Broc-Chú
Hervé BourhisOriginal price was: €12.00.€8.04Current price is: €8.04."Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Corp an Duine Uasail
Pénélope BagieuOriginal price was: €12.00.€8.04Current price is: €8.04.A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Deirdre
Darach Ó ScolaíOriginal price was: €18.00.€12.06Current price is: €12.06.Deirdre agus Chlann Uisnigh — ceann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Cath Fionntrá
Pádraig Ó SiochfhradhaOriginal price was: €18.00.€12.06Current price is: €12.06.Cath Fionntrá: Nuair a bhíonn an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, cloiseann sé go bhfuil cúis ag Rí na Fraince...
Cuir sa Chiseán