1 Item

An Garda Cósta

Máire Ní Dhufaigh

9.00

An Garda Cósta: 126 lch; clúdach bog; 978-0-898332-62-9

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

An Garda Cósta: Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Nuair a thugann siad cuairt oíche ar sheanstáisiún an Gharda Cósta ardaítear ceisteanna faoi thaibhsí, agus seanscéal faoi fhear a d’imigh gan tásc gan tuairisc as an oileán céad bliain roimhe sin. Ach níl ann ar fad ach spraoi, nó go dtarlaíonn rud éigin uafásach a chuireann saol Chaitríona agus a cairde in aimhréidh.

Úrscéal breá nua do dhéagóirí is ea An Garda Cósta agus é lán le heachtraíocht, le corraíl agus le draíocht an tsamhraidh. Tá Raic, leabhar eile sa bhailiúchán céanna ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne, agus is gearr go mbeidh an tríú leabhar ar fáil, Rún na Leice.

An Garda Cósta: Léigh sliocht as an leabhar