Your cart is currently empty!
Danny Seaimpín an Domhain
€9.00
224 lch. clúdach bog; ISBN 978-1-909907-87-4
Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan.
Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann leis an ngrá speisialta idir athair agus mac — scéal a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann sé cé mar a dhéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó go gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeáineann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh gearleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachaint trí chlisteacht agus obair chrua. Rinneadh scannán den leabhar in 1989, agus tá sé ar cheann de na leabhair is cáiliúla le Roald Dahl. “Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an t-athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite…. Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teanga.” Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Na Cailleacha
Roald Dahl€12.00Is fuath le cailleacha páistí. Faigheann cailleacha boladh cacanna madra ar pháistí. Agus anois tá an Ard-Chailleach Mhór ag ullmhú le deireadh a chur le gach uile pháiste...
Cuir sa Chiseán -
Na Gamail
Roald Dahl€9.00Tá Na Gamail le Roald Dahl ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a...
Cuir sa Chiseán -
Charlie agus Monarcha na Seacláide
Roald Dahl€12.00Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí...
Cuir sa Chiseán