Your cart is currently empty!
Bodach an Chóta Lachna
€7.50
40 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-60-5
Leabhar nua fiannaochta sa tsraith ‘Fionn’ do léitheoir saan aoisghrúpa 8-10 mbliana.
Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann. Athinsint ar scéalta laochais do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne.
Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. ‘Caol an Iarainn is ainm dom,’ a dúirt sé. ‘Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.’ Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. ‘Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,’ a dúirt Bodach an Chóta Lachna.
“Fíorshnasta…. Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga.” —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Éalú as an Lios
Aoife Ní Dhufaigh€7.50Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine,...
Cuir sa Chiseán -
An Gruagach
Peadar Ó Cualáin€7.50Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh, nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir...
Cuir sa Chiseán -
Dóiteoir na Samhna
Darach Ó Scolaí€7.50Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad...
Cuir sa Chiseán -
An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí€7.50Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin...
Cuir sa Chiseán