1 Item

Bodach an Chóta Lachna

Darach Ó Scolaí

7.50

40 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-60-5

Leabhar nua fiannaochta sa tsraith ‘Fionn’ do léitheoir saan aoisghrúpa 8-10 mbliana.

Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann. Athinsint ar scéalta laochais do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne.

Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. ‘Caol an Iarainn is ainm dom,’ a dúirt sé. ‘Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.’ Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. ‘Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,’ a dúirt Bodach an Chóta Lachna.

“Fíorshnasta…. Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga.” —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal