1 Item

Práinneach

Bruno Heitz

7.50

Práinneach: 40 lch; clúdach bog: 978-1-909907-34-8

Is fada an bealach é go dtí an Camargue. Tá sin chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc. Ach tá Cáitín sásta dul i gcontúirt chun a cara mór, Feirdí, a thabhairt slán. Tá sí fiú sásta taisteal … go Práinneach! Seo í an chéad leabhar sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.

Brúitín Péisteanna, Toirtín Seangán agus Soufflé Seilidí

Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin agus a cuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!

Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua seo — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer. Leabhair iad seo a d’fheilfeadh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna, ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine freisin, nó dóibh siúd a bhfuil tóir mhór acu ar an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha!

Réalta Nua na gCoimicí: Cáitín Chaoch