1 Item

Cloch na Gréine

Jacqueline de Brún

9.00

Cloch na Gréine: 60 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-38-0

Is aisteach go deo an áit í Baile an Chnoic agus, cosúil le háit aisteach ar bith, tá rún nó dhó i bhfolach ann. Tá cloch ar an bhaile a bhfuil comharthaí aisteacha uirthi, ach is beag duine a thugann suntas di go dtí go dtarlaíonn eachtra uafáis a osclaíonn súile gach aon duine.

Eachtraí Uafáis i mBaile an Chnoic!

Ar dtús, lasadh teach Mhicí Mhic Shuibhne, ansin thuirling beacha mistéireacha ar an scoil. Agus ina dhiaidh sin, goideadh an chloch rúnda — Cloch na Gréine!

Rógairí, Bithiúnaigh, agus Páistí Fiosracha

Ach is aisteach an dream iad muintir Bhaile an Chnoic — dream nach maith leo aird, dream ar fearr leo páistí a bhíonn ciúin agus béasach, dream nach maith leo páistí fiosracha! Beirt dhéagóirí fiosracha iad Éimear agus Seán, agus ní fada go mbíonn siad i mbun bleachtaireachta. Casfar bithiúnaigh orainn sa scéal seo, agus roinnt de na rógairí is aistí dá bhfaca tú riamh. Agus foghlaimeoidh tú faoi scríbhneoireacht rúnda atá in úsáid sa tír seo le breis is míle bliain. Ní rún go rún Chloch na Gréine!

As Béal Feirste don údar, Jacqueline de Brún, agus is é seo an dara húrscéal do léitheoirí óga léi. Úrscéal eile í Cloch na Gréine sa tsraith ‘Scoil an Chnoic’, agus í maisithe go gleoite ag Vince Reid.