1 Item

Dóiteoir na Samhna

Darach Ó Scolaí

7.50

40 pages; paperback; ISBN 978-0-8983324-3-8

Scéal fiannaíochta sa tsraith Fionn don aoisghrúpa 8-10 mbliana.

Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh. Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna. “Fíorshnasta…. Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga.” —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal “Athinsint bhreá ar Mhacghníomhartha Fhinn mhic Cumhaill ó Dharach Ó Scolaí. Tá cúlra Fhinn tugtha aige chomh maith leis na heachtraí iad féin, rud a chuirfidh go mór le heolas na léitheoirí óga. Chomh maith leis an insint taitneamhach tá dathadóireacht iontach Chaomháin Uí Scolaí ag cur go mór leis an insint bhreá shoiléir tarraingteach do léitheoirí óga. Tá na leabhar feiliúnach le léamh ós ard do ghasúir agus do léitheoirí neamhspleácha.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Leathanach Leabhar Breac: Fionn agus an Fhiann Athinsint ar scéalta laochais do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne.