1 Item

Preab san Aer

Bruno Heitz

7.50

Preab san Aer: 40 lch; clúdach bog; 978-1-909907-35-5

Tá Cáitín ag taispeántas ealaíne. Buaileann tuirse í agus síneann sí siar i gceann de na saothair ealaíne. Mo léan géar, scuabann faoileán leis san aer í … agus dúisíonn Cáitín de phreab! Scéal eile é seo sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.

Brúitín Péisteanna agus Soufflé Seilidí don Lón!

Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin agus a cuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!

Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua seo — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer. Leabhair iad seo a d’fheilfeadh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna, ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine freisin, nó dóibh siúd a bhfuil tóir mhór acu ar an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha!

Réalta Nua na gCoimicí: Cáitín Chaoch