1 Item

Eachtra ar Oileán na Rún

Brian Ó Broin

9.00

Eachtra ar Oileán na Rún; 136 lch; clúdach bog; 978-1-909907-55-3.

Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt: Oileán na Rún!. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach mistéireach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin.

Mistéir, Gadaithe agus Scleondar!

Ach an bhfuil duine den fhoireann seandálaíochta ag cabhrú leis na gadaithe? Má tá, cé ann a gcuirfidh an bheirt muinín? Agus cé hí an cailín mistéireach atá ag éalú timpeall an tí san oíche? Anuas ar sin ar fad, tá eitleán ina raibh tuismitheoirí na beirte imithe gan tásc. An dtiocfaidh Mac Dara agus Ána slán ó dhrong smuglálaíthe idirnáisiúnta? An éireoidh leo teacht ar na seoda náisiúnta? Agus an bhfeicfidh siad a dtuismitheoirí go deo arís?

“Cuireann an t-údar meascán milis den fhírinne agus den bhficsean faoinár mbráid … Más duine tú a bhfuil fonn léitheoireachta ort, a bhfuil blaiseadh rúndiamhrachta ag teastáil i do shaol agus a dtaitníonn leabhair leat a fhágann meangadh gáire ar do bhéal, as go brách leat go hOileán na Rún.” — Aedín Ní Thiarnaigh, NÓS

Cuireann stíl an údair go mór leis an mistéir agus teannas

“Úrscéal eachtraíochta do dhaoine óga … lán de mhistéir, de bhleachtaireacht agus d’aicsean … Is deas go bhfuil beirt déagóirí mar bhleachtairí agus is deas don léitheoir bheith ‘ag obair’ agus ag smaoineamh mar bhleachtairí chomh maith! Cuireann stíl scríbhneoireachta an údair go mór le hatmaisféar mistéireach agus le teannas a chruthú go deireadh an scéil agus an léitheoir ag súil le réiteach agus go dtiocfaidh an bheirt déagóirí slán. Gaeilge sholéite in oiriúnt do léitheoirí óga agus d’fhoghlaimeoirí fásta a thaitníonn scéalta bleachtaireachta leo!” — Róisin Ní Mhulláin

Léigh an léirmheas ar Nós

Tuairisc sa Galway Advertizer ar dhuais an Oireachtais á bronnadh ar an leabhar.

Léigh: Brian Ó Broin, Údar Ildánach

Léigh an léirmheas ar Leabhair Pháistí Éireann