1 Item

Tadhg Dall Ó hUiginn

Darach Ó Scolaí

4.95

48 lch; clúdach crua; ISBN 1-898332-13-4

Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.

Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d’fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne – Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht. Sa leabhar seo cuireann muid eolas ar shaol na bhfilí, mar a chuaigh siad ar scoil, mar a chum siad a gcuid dánta, agus mar a chaith siad cuid mhór den bhliain ar thithe agus ar chaisleáin na dtaoiseach. Faighimid léargas freisin sa leabhar seo ar thuaisceart Chonnacht agus ar stair na nGael sa 16ú hAois.