An Soiscéal de réir Alan Titley
Original price was: €18.00.€15.00Current price is: €15.00.
An Soiscéal de réir Alan Titley: 244 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-80-9
Réamhordaigh ar lascaine speisialta roimh 13 Feabhra
Uaillmhian ealaíne, cogaíocht in aghaidh na critice, diamhra na teanga fileata agus leabhar a itheann leabhair – níl sa mhéid sin ach cuid den ábhar a chlúdaíonn scríbhneoirí an chnuasaigh seo agus iad ag cíoradh shaothar scóipiúil Alan Titley, duine de na húdair is bisiúla agus is beoga i nualitríocht na Gaeilge.
Intinn an fhir dhána
Óna chéad mhacghníomhartha pinn amach go dtí na húrscéalta móra agus na dánta is deireanaí uaidh, soilsíonn an dá aiste dhéag seo pócaí in intinn an fhir dhána agus gnéithe dá chuid scríbhinní nár pléadh go dtí seo.
Dhá aiste dhéag ar shaothar shaothar scópúil Titley
Tá aistí anseo le Máirín Nic Eoin, Philip O’Leary, Máire Ní Annracháin, Gearóid Denvir, Fionntán de Brún, Darach Ó Scolaí, Aifric Mac Aodha, Seosamh Ó Murchú, Claire Marie Dunne, Ian Ó Caoimh, Máirtín Coilféir, Ríona Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Choistealbha.
An fear eagair: Máirtín Coilféir
Tá an fear eagair, Máirtín Coilféir, ina Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia, Montréal. Tá seal caite aige ina léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe, in Ollscoil Toronto agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bíonn sé ag scríobh ar an nualitríocht agus ar an aistriúchán, chomh maith lena bheith ag cumadh dánta.
