1 Item

Tóraíocht Eile

Hugo Pratt

7.50

Tóraíocht Eile; 40 lch; clúdach bog; 978-1-909907-78-2
Úrscéal graifice sa tsraith ‘Corto Maltese’.

Romeo agus Juliet i gCorn na hAfraice

Tá Corto agus an gaiscíoch Cuis ag taisteal san Aibisín, i gCorn na hAfraice. Tugann siad cuairt ar mhuintir Chuis, agus cloiseann siad go bhfuil deartháir Chuis, Rhomah, gafa ag na Críostaithe. Tá sé curtha ina leith siúd gur fhuadaigh sé Fala Mariam, iníon Ras Yaqob, taoiseach ar threibh Chríostaí. Tá cosc ar phósadh idir Críostaithe agus Moslamaigh, agus tá cogadh á bhagairt idir an dá threibh!

Rógaire an Chroí Óir!

“As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, a ainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois. Déantar cur síos air mar “rógaire, a bhfuil croí órga aige”, agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar “La Niña de Gibraltar”.

Laoch na Cosmhuintire

“As a boy growing up in the Jewish quarter of Córdoba, Corto discovered that he had no fate line on his palm and therefore carved his own with his father’s razor. determining that his fate was his to choose. Although maintaining a neutral position, Corto instinctively supports the disadvantaged and oppressed.” — Wikipedia In Ainm Dé Uilethrócairigh (In the Name of God the All-Merciful) is a short graphic novel in the series Corto Maltese. Léigh Corto Maltese in Wikipedia

Úrscéal graifice le Hugo Pratt sa tsraith Corto Maltese é Tóraíocht Eile. Ar fáil sa tsraith seo: Port na Farraige Goirt, Corto sa tSibéir, An Teach Órga i Samarkand

Hugo Pratt, Úrscéalaí Graifice Extraordinaire