Anseo thíos, tabharfaimid spléachadh gairid ar na leabhair nua a bheidh ar fáil i dtús na bliana 2026, leabhair le hAilbhe Ni Ghearbhuigh, Brian Ó Conchubhair, Máirtín Coilféir agus Darach Ó Scolaí ina measc.

Portráid

Liadain agus Cuirithir

I mí an Mhárta tá súil le Liadain, leagan úrnua den seanscéal grá faoi bhanfhile na meánaoise agus a leannán file arna chumadh ag banfhile ár linne féin. Pictiúrleabhar álainn maisithe ag an ealaíontóir Corcaíoch, Chrissie Dervin.

Sean-Dearc le Seán Mac Mathúna

Tá an scéal gearr nó nóibhille Sean-Dearc leis an mórscríbhneoir a cailleadh ar an mallaibh, Seán Mac Mathúna, le foilsiú sna earrach. Scéal buile é, é diamhair agus mealltach, lán le léaspairtí agus grinnléargas an scríbhneora. Agus é maisithe go gleoite ag an ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn.

Portráid d'Alan TitleyAn Soiscéal de réir Titley 

Bailiúchán aistí atá sa gcéad leabhar eile, An Soiscéal de réir Titley a d’eascair as comhdháil  a reachtáladh i nDeireadh Fómhair na bliana 2018 chun aird a tharraingt ar ghradam agus ar thábhacht idirnáisiúnta an mhórscríbhneora, Alan Titley. Pléann údair na n-aistí réimse ríleathan de scríbhinní Titley, óna chéad ‘mhacghníomhartha pinn,’ mar a dúirt Gearóid Denvir, go dtí an saothar ba dheireanaí leis.

Is é an Dr Máirtín Coilféir an fear eagair agus ar na húdair tá Aifric Mac Aodha, Máire Ní Annracháin, Máirín Nic Eoin, agus Seosamh Ó Murchú.

Eoghan Béal ina uaighEoghan Béal

Tá scéal Eoghain Bhéil ar cheann de na scéalta móra is lú eolais orthu sa Ghaeilge. Bunaithe ar an seanscéal Caithréim Cheallaigh, insítear scéal an rí a a d’ordaigh agus é ar leaba a bháis, gan é a chur sa reilig “ach cuirtear anseo mé ar thaobh an rátha,” ar sé, “agus mé i mo sheasamh sa gcré, m’aghaidh leis an tuaisceart agam, agus mo gha dearg i mo dheasláimh.”

Is ann atá cur síos ar mhallacht Chiaráin Chluain Mhic Nóis, ar an drochmharú a tugadh ar Cheallach Easpag, ar chasadh agus ar mharú na gCeithre Mhaol, agus ar an mbáire fola ag bainis Mhuirígh mhic Eoghain. É sin agus go leor eile.

Is é an t-ealaíontóir Alé Mercado (Sadhbh) a mhaisigh an pictiúrleabhar gleoite seo.

An Saol Bocht

Clúdach leabhair, book coverLeabhar tábhachtach ar shaothar Bhriain Uí Nualláin atá sa leabhar seo, leabhar a thugann faoina bhfuil scríofa faoin Nuallánach a scrúdú agus a iniúchadh as an nua, agus a chuireann leis sin eolas úr atá tagtha chun solais ó scríobhadh na beathaisnéisí agus na saothar taighde eile faoi.

I dtús na bliana cuirfear athchló ar thrí leabhar a bhfuil an-tóir orthu, Bódléar le Darach Ó Scolaí, agus I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.