Buile Shuibhne faoi chló na haoise seo atá sa leabhar nua le Feargal Ó Béarra, Mé Suibhne. Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú.

Feargal Ó BéarraLéargas anseo grinn ar an meabhairghalar

Téacs tábhachtach as canóin liteartha na hEorpa é an scéal mór seo de chuid na Gaeilge ina dtugtar grinnléargas tuisceanach den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an meabhairghalar ar a intinn is ar a dhán.

Tugtar guth sainiúil don indibhid

Téacs é Buile Shuibhne a cumadh go gairid tar éis 1200 ina gcloistear — roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid (aimsir an Renaissance) sa gcuid eile de litríocht na hEorpa — guth sainiúil suaithinseach na hindibhide. Sa leabhar seo, Mé Suibhne, tá athchóiriú déanta ag Feargal Ó Béarra ar cheann de mhórscéalta na hÉireann agus na hEorpa.

Learscáil Shuibhne“Blas ársa agus comhaimseartha araon”

“Ba mhór an pléisiúr an leagan seo a léamh, go háirithe de bharr chumas an údair teanga shaibhir an bhunsaothair a athshaothrú ar bhealach a fhágann blas ársa agus comhaimseartha araon ar an bhfriotal agus brí agus beocht san insint ó thús deireadh.
‘Is léir go bhfuil sárbhuanna scéalaíochta agus filíochta agus ceoil ag an údar agus tuiscint ar leith aige ar an scéal iomráiteach seo … Gona bhéim ar chomharthaí sóirt na heasláinte meabhrach, músclaíonn an t-athleagan seo ceisteanna bunúsacha faoin nádúr daonna, faoi ghnásanna na sochaí agus faoi theorainneacha na sibhialtachta.” — Máirín Nic Eoin

“Leabhar uathúil álainn lán go barra le daonnacht”

“Leabhar uathúil álainn é seo, leabhar a thagann uair sa ghlúin de ghnáth. Leabhar é atá lán go barra le daonnacht, agus dá scolártha é, is í an daonnacht sin a raghaidh go smior sa léitheoir. Tá gaisce déanta agus mairfidh an saothar seo i bhfad.” — Róisín Ní Ghairbhí

A ndúradh faoi An Tromdhámh:
Athchóiriú géarchúiseach faoi anáil renovatio na hard-mheánaoise féin é An Tromdhámh, feictear dom, agus cé gur ríléir an dílseacht don traidisiún agus an grinneas friotail sa gcóiriú teanga, tá glór cruthaitheach údair le haithint freisin agus is maith ann dó. – Dónall Ó Braonáin, Comhar.

16.00; Mé Suibhne; 160 lch (crua); 978-1-913814-08-3