1 Item

An Béal Bocht (Myles na gCopaleen)

Colmán Ó Raghallaigh

15.00

An Béal Bocht: úrscéal graifice; 102 lch (bog) 978-1-899922-87-1

Athchóiriú i bhfoirm úrscéil graifice (nó i bhfoirm coimice) le Colmán Ó Raghallaigh ar cheann de mhórleabhair na Gaeilge agus í maisithe ag an ealaíontóir John McCloskey.

Clasaic i Saol Liteartha na hÉireann

Ón lá a foilsíodh i dtosach é sa bhliain 1941 tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla ach níl aon dabht ná go bhfuil an leabhar seo ar cheann d’éachta liteartha Bhriain Uí Nuallaín (Myles na gCopaleenj).

Scannán Beochana den Leabhar

Tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta gleoite grafach seo ó Chló Mhaigh Eo. Ceann de mhórleabhair na Gaeilge í seo, bunaithe ar eagrán Bhreandáin Uí Chonaire den mhórshaothar, cóíirithe mar úrscéal graifice ag Colmán Ó Raghallaigh, agus é maisithe ag John McCloskey. Is i bpáirt leis an scannán beochana den leabhar a rinneadh an t-úrscéal graifice seo.

Léigh an cur síos ar an bpróiseas oibre sa Parish Review