1 Item

An Béirín Dána

Marc Cantin

7.50

48 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 911363 14 9

Úrscéal maisithe sa tsraith ‘Níotú’ don aoisghrúpa 7+ faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde.

‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.

Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis….

Indiach Dearg is ea Níotú. Tá sé ina chónaí lena athair is a mháthair i dtípí. Thart timpeall orthu tá treibh na dTípíonna Beaga. Gach lá, in éindí lena chairde Fataí agus Navó, téann Níotú ag spraoi san fhoraois, ag foghlaim faoi ainmhithe agus faoin nádúr.

Seo an cúigiú leabhar sa bhailiúchán ‘Níotú’.