1 Item

An Broc-Chú

Hervé Bourhis

12.00

An Broc-Chú; 96 lch; úrscéal graifice, clúdach bog; : 978-1-911363-02-6

Úrscéal graifice le duine de phríomh-ealaíontóirí agus scríbhneoirí na Fraince. Darach Ó Scolaí a d’aistrigh.

Bás na gCéadta Othar

“Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile.” Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar ‘An Broc-Chú’, taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach a choinneáil ar an mBroc-Chú.

Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar.

Sciolladh Frith-Chaiptileach, agus Road Movie Francach

Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor is ea An Broc-Chú (Le Teckel) ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid. Scéinséir é, scéal faoi chairdeas, sciolladh frithchaiptileach, agus road movie Francach i Citroen CX Salún!

Ar Ais i mBun Gnóthaí

Sna 70d, in Touraine sa Fhrainc, a rugadh Hervé Bourhis. Úrscealaí graifice is ea é agus tá os cionn scór leabhar scriofa nó maisithe aige, ar théamai éagsúla — rock’n’roll, Lochlannaigh, tacsa-rothair, agus a leithéid. Oibronn sé freisin i réimse na beochana agus na nuachtán. Tá an dara leabhar sa tsraith seo, Ar Ais i mBun Gnóthaí ar fáil ó Leabhar Breac.

Léigh sliocht as An Broc-Chú

Hervé Bourhis in Wiképedia

Rentrée Littéraire Leabhar Breac