Ceallach

Diarmuid Johnson

12.00

Ceallach: 144 lch; clúdach crua; 978-1-913814-25-0

Ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Cillín ar an Uaigneas

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Scéal Cheallaigh: Scéal na hEorpa

Ceallach: manach agus mac rí; deoraí agus díthreabhach – is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Ceallach: níor fhill sé ar Éirinn lena bheo. Ach tá scéal a bheatha slán arís.

Is é a dúirt na léirmheastóirí faoi Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson:

“Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” —Tadhg Ó Loingsigh, Feasta

“Is fada ó bhain mé an oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain. Rithim, ceol agus comhfhuaim fite le simplíocht, nádúr agus deilbh na Gaeilge ina gcúlra sciamhach ag scéal lán eachtraí, gliceas, dea-chaint, daonnacht agus draíocht.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie\

Léigh sliocht as an leabhar: ‘An Eoraip’

Léigh “Mé Ceallach: Ag seo mo Scéal” san iris Nós

An t-údar ag labhairt linn sa mbaile, sa mBriotáin, faoin úrscéal nua: