1 Item

Conaire Mór

Diarmuid Johnson

16.00

Conaire Mór: 104 lch; Clúdach Crua, 978-1-911363-12-5

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairm de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

Tragóid Inchurtha le Macbeth.

“Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin.” — Dennis King, blog ‘Nótaí Imill’.

“Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scealta is tábhachtaí dá bhfuil aqainn ó litríocht na Sean-Ghaolainne.” — Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4

“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint. Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” — Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA

‘Leabhar na Bliana’ 2017

“Beidh an léitheoir faoi dhraíocht ag an leabhar suntasach seo, agus tá Leabhar Breac le moladh go hard as an dúthracht atá caite acu le réiteach agus le cur i láthair an leabhair. Cuidíonn an dearadh ar ardchaighdeán go mór chun an scéal spleodrach a chur go bríomhar i láthair an léitheora, agus tá dul na Gaeilge san insint nua seo le moladh.” — Moltóirí an Oireachtais

“A wonderful doorway into the world of the ancient Gaelic saga.” Cathal Póirtéir, Books Ireland.

“Braitheann tú an chinniúint ag teacht feadh an leabhair ar fad, agus tógtar é ar bhealach an-mhaith.” — Eoin McEvoy, ClubLeabhar.com

Léigh iontráil an údair ar Vicipéid

Éist le sliocht as Conaire Mór á léamh ag an údar:

 

Éist le hagallamh le Deirdre Nic Chárthaigh agus Eoin McEvoy ar phodchraoladh ClubLeabhar.com: