1 Item

Corp an Duine Uasail

Pénélope Bagieu

12.00

Corp an Duine Uasail: a graphic novel by Penélope Bagieu. A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian … agus banlaoch as an gcoitiantacht.

Tá rud éigin speisialta faoi Zoé!

“Tá rud éigin speisialta faoi Corp an Duine Uasail. Tá sé breá stuama mar leabhar, cinnte, ach tá draíocht ar leith ag baint le pictiúir Phénélope Bagieu…. Zoé an príomhcharachtar. Í dathúil, mealltach, cúthail, láidir, lag, teanntásach ar a seal. Tá post marbhánta aici agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi … ach tá doimhne ag roinnt le Zoé agus bá againn léi dá réir.” — Eoin Ó Murchú, tuairisc.ie

“Tá líníocht agus scéalaíocht Pénélope Bagnieu cliste, tá súil ghéar agus inchinn chaolchúiseach aici.” Aonghus Ó hAlmhainn, Smaointe Fanacha Aonghusa

“Gluaiseann an scéal go grod is go mear. Níl aon stráicí fada leamha anseo ag iarraidh dul isteach ina hintinn, ná in intinn duine ar bith eile. Bíonn sin le léamh ar a n-aghaidh, nó ar a bpus, nó ar a straois níos minice ná a chéile. Agus fairis sin tá mistéir ag comáint an scéil ar aghaidh … Scéal faoi bhean atá míshásta leis an mucarlach de leannán a bhí aici (ní nach ionadh), a chasann le fear eile ar léir stair neamhchoitianta a bheith laistiar de ach nach feas cad é, ach a thugann daoine eile óna shaol roimhe sin isteach sa chuntas a bhaineann feacadh as an scéal go dtí an casadh…Is leor é sin.” Alan Titley, Tuairisc.

Corp an Duine Uasail: buaiteopir Prix des Cheminots SNCF ag Féile Angoulême. Ar fáil freisin ó Leabhar Breac: An Leathanach Bán, úrscéal graifice le Penélope Bagieu agus Boulet.

Léigh léirmheas le Eoin P Ó Murchú in Tuairisc.ie

Léigh blag le hAonghas Ó hAlmhain

Léigh léirmheas Alan Titley in Tuairisc.ie