1 Item

Feis Tigh Chonáin

Darach Ó Scolaí

16.00

Feis Tigh Chonáin: 96 lch; clúdach crua; 978-1-909907-67-6

Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois.

Bainis, loscadh tí, agus marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.

Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.

Curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne

Am éigin sa 15ú haois a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe i lámhscríbhinní agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. Sa leagan nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne.

‘Is binne ná ceol cruite a bheith ag éisteach le binnchomhrá do bhéil’

Is ceiliúradh ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht na Gaeilge leagan Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin agus tá leitheoirí na Nua-Ghaeilge curtha faoi chomaoin mhór aige. Tréasliimis a leabhar breá fiannaíochta leis. Faoi mar a deir Conán fein, ‘Is binne ná ceol cruite a bheith ag éisteach le binnchomhrá do bhéil’. – Breandán Ó Cróinín, Comhar

“Darach Ó Scolaí retells Feis Tigh Chonáin, a long-forgotten series of stories from the Fenian cycle, in modern day Irish. If any book can bring the stories of the Fiann into the 21st century, this well-written, well-designed book can.” —booksunlimited.

“Teanga chuanna atá ag Darach, agus ruthaig agus córacha catha an tseanchaí aige. Dramaíocht. Bhain mé taithneamh as an léamh, agus de bhrí gur díolaim atá ann, d’fhéadfá filleadh air arís is arís, ag léamh scéilín ar leith agus á leagan uait seal eile.” — Aonghus Ó hAlmhainn, Smaointe Fánacha Aonghusa

Léigh léirmheas le hAonghus Ó hAlmhainn

Oíche Scéalaíochta agus Marú ar Bhruach Locha

Éist le Bríd Anna Ní Bhaoill agus leagan Sheáin Néill de scéal as Feis Tigh Chonáin, ‘An Óige, an Saol Mór, agus an Bás’, á aithris aici

Léigh sliocht as an leabhar