1 Item

Kíor Thuathail

Jean-Claude Izzo

15.00

Kíor Thuathail; 280 lch; clúdach bog; 978-1-911363-40 8

Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d’fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.

Scéinséir Fileata na Meánmhara

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúl-sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad. Rinneadh scannán bunaithe ar an úrscéal seo i 2002, chomh maith le sraith teilifíse.

File agus scríbhneoir Marseilleach ab ea an t-údar Jean-Claude Izzo. Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar a shaothar tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Cailleadh é sa bhliain 2000. Scannánaíodh Kíor Thuathail don teilifís faoin teideal Fabio Montale in 2001 agus don phictiúrlann faoin teideal Total Khéops in 2002. Foilseofar Chourmo in 2021.

‘Léitheoireacht den Scoth’

“Tá obair mhór déanta ag Bernadette Nic an tSaoir. Éiríonn léi leabhar beo a chur roimh an léitheoir. Ní mhúchann sí glór an údair ach cuireann ag caint i nGaeilge é agus caitheann sí roinnt focal Fraincise leis an léitheoir anois agus arís leis an chomhthéacs a shaibhriú….. Léitheoireacht den scoth atá ann.” Pól Ó Muirí, The Irish Times.

“Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim. Scéinséir lán castaí is corranna … Coirpigh. Póilíní, idir dhíreach is cham. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad, drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.” — Smaointe Fánacha Aonghasa

Jean-Claude Izzo ar Wikipédia

Fabio Montale (Kíor Thuathail) ar YouTube: