1 Item

Na Gamail

Roald Dahl

9.00

96 lch; clúdach bog;, ISBN 978-1-911363-37-8

Tá Na Gamail le Roald Dahl ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan.

Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a imríonn siad ar a chéile. Is mór an ghráinn an tUasal Ó Gamail agus a bhean. Déanann siad píoga de na héin bhochta agus itheann siad iad, agus coinníonn siad na moncaithe, Muintir Mhugal-Bhump, faoi ghlas. Ach tá deireadh tagtha le foighne na moncaithe. Agus tá díoltas uathu.

“Tá samhlaíocht dhorcha ghreannmhar ag Roald Dahl ina chuid scéalta. Agus is ceardaí focail é a bhaineann casadh is lúbadh astu chun breis grinn a fháisceadh astu.
“Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe don scéal dorcha áiféiseach seo Na Gamail (The Twits). Lánúin mhíofar a bhíonn go síoraí ag buaileadh bob ar a chéile, ag céasadh seachas ag ceansú teaghlach moncaithe agus ag breith ar agus ag ithe éin. Go dtí go dtapaíonn moncaithe agus éin an deis a éagóir a chúiteamh leo…
“Tá an insint éadrom saibhir pléisiúrtha. Seoid eile as cearta Leabhar Breac.”
— Smaointe Fánacha Aonghusa