1 Item

Na Liopard-Fhir ó Rufiji

Hugo Pratt

7.50

Na Liopard-Fhir ó Rufiji; 40 lch; clúdach bog; 978-1-909907-79-9
Úrscéal graifice sa tsraith ‘Corto Maltese’.

Órchiste Rúnda san Afraic

Oirthear na hAfraice 1918. In abhantracht an Rufiji, cuireann an Leifteanant Tenton agus an Captaen Mac Griogair, ó arm Shasana, fáilte roimh Chorto Maltese ar an gKönigsberg. cúrsóir catha Gearmánach atá curtha ó mhaith ag na Sasanaigh. Tagann siad ar bhuíon de na liopard-fhir ann – buíon póilíní tiomnaithe do dhlí dúchasach na hAfraice. Téann Corto ar a dtóir agus tarraingítear isteach i scéal é a bhaineann le taisce óir agus le seancheisteanna onóra agus díoltais.

Rógaire an Chroí Mhóir!

“As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, a ainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois. Déantar cur síos air mar “rógaire, a bhfuil croí órga aige”, agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar “La Niña de Gibraltar”.

Laoch na Cosmhuintire

“Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige agus ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom.” — Vicipéid

Léigh Corto Maltese in Wikipedia

Úrscéal graifice gearr sa tsraith Corto Maltese é Tóraíocht Eile Ar fáil sa tsraith seo: Port na Farraige Goirt, Corto sa tSibéir, An Teach Órga i Samarkand

Foghlaí Mara!