Nótaí ón Lár

Liam Mac Cóil

10.00

170 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-15-0

Nuair a fuair an t-údar cuireadh óAn Aimsir Óg saothar a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar an teanga ghaeilge sa bhliain 2000, agus é sin a dheanamh i bhfoirm dialainne, tháinig sé ar uirlis a chabhródh leis dul i ngleic, ní hé amháin lena theanga agus lena thír, ach lena chuid smaointe is mothúnchán.

Baintear úsáid máistriúil as an dialannaíocht le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is práinní sa 21ú haois. Ó fhilíocht Chearúlláin go Street Parade Zurich, ó Choistí Fiosrúcháin go lomadh an fhéir sa ghairdín cúil, tagann an saol príobháideach agus na ceisteanna móra poiblí le chéile chun ábhar machnaimh agus mothúcháin a chur ar fáil.

“Tá sé de bhua ag an dialann seo go n-éiríonn le Mac Cóil ábhar a chur ar fáil atá spéisiúil ach nach bhfuil faoistiniúil. Ní gníomh dóláis atá anseo againn ach gníomh dóchais.” — The Irish Times.