1 Item

Seal le Sorcas

Bruno Heitz

7.50

Seal le Sorcas: 40 lch; clúdach bog; 978-1-909907-33-1

Tá Cáitín tinn agus deir an Dochtúir Broc nach bhfuil ach aon leigheas amháin ar a cás: aer folláin an tsléibhe. Ach cén chaoi a rachaidh sí chuig na sléibhte? Tá réiteach ar an gceist ag na coiníní: déanfaidh Cáitín an bealach … ar chaora, mar a rinne Uiliséas, laoch clúiteach na hOdaisé.
Scéal eile é seo sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.

Tolláin, Poill, agus Brocaigh faoin Talamh!

Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin agus a cuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!

Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua seo — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer. Leabhair iad seo a d’fheilfeadh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna, ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine freisin, nó dóibh siúd a bhfuil tóir mhór acu ar an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha!