Siúrmó

Jean-Claude Izzo

10.00

Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille – agus i gcúlbhóithre na cuimhne.

Cathair Chrua na Meánmhara

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúlsraídeanna an Phanier go dtí an Canabiere agus anuas go dtí an seanchalafort, agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh — na Meánmharaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad, agus ar mhór leis an bhfile agus úrscéalaí Jean-Claude Izzo iad.

I nGaillé Garbh an tSaoil

Ón Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag iomradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis: buíon daoine atá i gcruachás agus ar gá dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán. Agus i ngaillé garbh an tsaoil, ní mór do chách tarraingt ar aon bhuille nó báfar iad ar fad!

Léitheoireacht den Scoth

A ndúirt na léirmheastóirí faoi Kíor Thuathail:

“Tá obair mhór déanta ag Bernadette Nic an tSaoir. Éiríonn léi leabhar beo a chur roimh an léitheoir. Ní mhúchann sí glór an údair ach cuireann ag caint i nGaeilge é agus caitheann sí roinnt focal Fraincise leis an léitheoir anois agus arís leis an chomhthéacs a shaibhriú … léitheoireacht den scoth.” — Pól Ó Muirí, The Irish Times

“Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim. Scéinséir lán castaí is corranna … Coirpigh. Póilíní, idir dhíreach is cham. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad, drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.” — Smaointe Fánacha Aonghasa