1 Item

Súil Saoir

Diarmuid Johnson

10.00

Súil Saoir: 118 lch; bog; 902420 70 5
(Cló Iar-Chonnachta, 2004)

Lorg na Gaeltachta agus Lorg na hIasachta

Is leabhar faoi leith é Súil Saoir ar bhealaí go leor. Baineann an t-údar leas ann as smaointe na linne seo agus as éigse na seanaimsire araon, ionas gur ceangal idir an sean agus an nua atá sa saothar. Chomh maith leis sin, ceistítear ann an dlúthbhaint atá idir teanga na Gaeilge agus gluaiseacht an náisiúnachais le fada anuas, agus cuireann an t-údar roimhe cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cinniúint an duine, agus leis an chaoi a dtéann idir thír, phobal, theanga agus dhúchas i bhfeidhm orainn go léir. Tá lorg na Gaeltachta go láidir ar an gcnuasach, agus lorg na hiasachta chomh maith.

Cnuasach a Fuair Ard-Mholadh

Is é Súil Saoir an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Tugadh ard-mholadh don chnuasach seo i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.

Féach Triológ na Teamhrach le Diarmuid Johnson