1 Item

Trí Úrscéal le RL Stevenson

Robert Louis Stevenson

36.00

Na trí úrscéal is clúití a scríobh Robert Louis Stevenson – agus atá ar na trí úrscéal is clúití a scríobhadh riamh — ar fáil ar lascaine don Nollaig seo: Oileán an Órchiste (Treasure Island), An Fuadach (Kidnapped), agus Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (The Strage Case of Dr Jekyll and Mr Hyde).

Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban. Ba úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúchán déanta ar an shaothar. Bhí an tsláinte go dona aige i gcaitheamh a shaoil agus, dá bharr sin, in 1890 chuaigh sé go Samó san Aigéan Ciúin le cur faoi, agus ba ann a bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894.

Ar a shaothar tá Oileán an Órchiste (Treasure Island), A Child’s Garden of Verses, An Fuadach (Kidnapped), agus Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde) — trí leabhar atá ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an neamairt a rinneadh ina shaothar sa 20ú hAois, aithnítear anois é ar dhuine de mhórscríbhneoirí an Domhain.