“A Chríost na bhfeart, tá sé caillte,” arsa duine de na cailíní.
“Maireann sé,” arsa Pádraig Óg. “Titim as a sheasamh a rinne sé. “Cá bhfuil a lia?”
“Caithfear é a leagan go compordach in áit níos feiliúnaí,” arsa Conchúr.
Chuaigh Conchúr ar a chromada agus chuir Pádraig Óg focal ina chluais. “Mura ndúisíonn sé, is é an Mheirg a thiocfas ina áit. Ba chóir duitse é a thabhairt do na boinn go beo.”
Chrom Donncha agus labhair i gcogar le Conchúr. “Gabhfadsa na heacha.”
“Agus nuair a dhúiseos sé?” arsa Conchúr. “Céard a dhéanfas sé nuair a fheicfeas sé go bhfuil sé fágtha ar chlár a dhroma ag a rúnaí?”
— Súil an Daill, Darach Ó Scolaí: Leabhar Breac, Samhain 2021

author photoPrionsa Eorpach ar an Déanamh Nua

Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús le úrscéal nua Dharach Uí Scolaí, Súil an Daill: tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. Agus ní hiad amháin atá in iomaíocht — i measc a chomhairleoirí, tá a shéiplíneach Aodh Ó Cearúlláin, a chonstábla Giolla Easpaig Mac Dónaill agus, príomhphearsa an úrscéil, a chomhalta is a chara rúin Conchúr Mac Ardail.

Forbairt agus cur chun cinn an tiarnais is fis do Chonchúr. Idir é agus comhlíonadh na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigí féin mar dhuine. Anuas air sin, tá an mac is sine leis an tiarna ann, Feilimí Caoch, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr (agus le bean Fheilimí, Onóra Ní Néill) é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge taipéis Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance dúinn, taipéis bheo ina mhaireann eachlaigh is gallóglaigh, easpag is cléir, rúnaithe is ardfheidhmeannaigh, bantiarnaí is cailíní cuideachta, giollaí is iascairí.

Súil an DaillTour de Force Stíle agus Reacaireachta

Ina thuairisc mar mholtóir ar chomórtas an Oireachtais, “úrscéal thar a bheith sofaisticiúil” a thug Gearóid Denvir ar Súil an Daill. “Tour de force stíle agus reacaireachta … a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.”

Arsa Breandán Ó Conaire: “léitheoirí a chuireann spéis sna seanscéalta méithe snasta loinnreacha … bhainfidís sásamh agus taitneamh as cumhacht shuntasach an tsaothair stairiúil seo.”

Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí faoi dheireadh mhín na Samhna.