0 Earra

Trí theideal atá ag Leabhar Breac ar ghearrliostaí ghradaim an Oireachtais i mbliana, agus is údar mór bróid dúinn é — Mé Suibhne le Feargal Ó Bearra ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (aistritheoir: Eoin P. Ó Murchú) ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, agus Eachtra ar Oileán na Rún ar ghearrliosta ghradam Reics Carló. Guímid gach rath ar na húdair ar fad!

Trí Theideal Mé Suibhne Suibhne ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana

Scéal ollmhór é Mé Suibhne, leabhar atá bunaithe ar an seantéacs ón 13ú haois, Buile Shuibhne. Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú. Ceann de mhórshaothair na Gaeilge.

Ghnóthaigh an t-údar Feargal Ó Béarra Gradam Uí Shúilleabháin arú anuraidh lena shárshaothar An Tromdhámh — saothar atá sáraithe ag an leabhar seo! Ón Spidéal an scríbhneoir agus scoláire, Feargal Ó Béarra, agus is ag obair mar aistritheoir le Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil atá sé faoi láthair.

Trí theideal Eoin PAistriúchán Sci-Fi ón nGàidhlig

As Albain Tinte na Farraige Duibhe (nó Air Cuan Dubh Drilseach i nGàidhlig), aistriúchán a rinne Eoin P. Ó Murchú ar úrscéal ficsin eolaíochta leis an nGàidhligeoir as Seattle, Tim Armstrong. Scéal é seo faoi bheirt, Sál agus Ríosa, ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Seo é an chéad úrscéal mór ficsin eolaíochta a scríobhadh sa Ghàidhlig agus is breá linn go bhfuil sí ar fáil anois sa Ghaeilge againn féin.

Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong. Is i measc cheoltóirí punc Dhún Éideann a d’fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban i dtosach, sa bhanna ceoil Mill a h-Uile Rud. Tá baint aige le tograí punc, teicneo agus rac-cheoil ó shin. Cé gur taighdeoir bitheolaíochta a bhí ann sular thug sé faoi Ghaeilge na hAlban, bronnadh PhD air sa tsochtheangeolaíocht, ó Ollscoil Obar Dheathain agus ó Shabhal Mòr Ostaig, agus tá sé ag obair in Albain mar léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig.

Tá sé ag obair faoi láthair ar a dhara húrscéal, An Luingeas Dorcha air Fàire — An Loingeas Dorcha ar Fhíor na Spéire — agus tá léitheoirí in Éirinn agus in Albain ag tnúth go mór leis.

Trí theideal Brian Ó BroinBithiúnaigh in Oileán na Rún

Úrscéal do dhéagóirí óga is ea Eachtra ar Oileán na Rún. Scéal faoi bheirt déagóirí as Nua-Eabhrac atá ar cuairt ar Éirinn. Thart timpeall orthu, tá seoda móra na tíre á ngoid agus tá ceangal éigin idir an ghadaíocht agus seanteach mistéireach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin a thuigeann an ceangal sin. Leabhar breá í seo lán le heachtraí, le seandálaithe, le bithiúnaigh agus eile!

In New Jersey Mheiriceá atá cónaí ar an údar, an Gaillimheach ildána Brian Ó Broin. Léachtóir é, múinteoir, agus craoltóir, agus is ollamh ollscoile é in William Paterson University, Nua-Gheirsí. Tá Brian ag obair anois ar dhá leabhar nua sa tsraith seo!