0 Earra

Brian Ó Broin, Údar ildánach ar Oileán na Rún

Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin.

Brian Ó BroinAch an dTiocfaidh Ána agus Mac Dara Slán?

Ach an bhfuil duine den fhoireann seandálaíochta ag cabhrú leis na gadaithe? Má tá, cé ann a gcuirfidh an bheirt muinín? Agus cé hí an cailín atá ag éalú timpeall an tí san oíche? Anuas ar sin ar fad, tá eitleán ina raibh tuismitheoirí na beirte imithe gan tásc. An dtiocfaidh Mac Dara agus Ána slán ó dhrong smuigléireachta idirnáisiúnta? An éireoidh leo teacht ar na seoda náisiúnta? Agus an bhfeicfidh siad a dtuismitheoirí go deo arís?

Údar ildánach é Brian Ó Broin. Gaillimheach é, léachtóir, múinteoir, agus craoltóir, agus is ollamh ollscoile é in William Paterson University, Nua-Gheirsí. Tá saothair i gcló leis sa teangeolaíocht, i léann na meánaoise, agus i léann na hÉireann. Tá roinnt duaiseanna Oireachtais buaite aige as a chuid úrscéalta agus drámaí, agus cuireadh a dhráma Na hEorpaigh ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 2002.

Eachtra ar Oileán na RúnOllamh, Scríbhneoir, Craoltóir agus Gaillimheach

I Nua-Gheirsí atá cónaí air, lena bhean chéile Jo agus a n-iníonacha Ána agus Fiona, ach is minic in Éirinn iad — agus tá suim ar leith aige sa tseandálaiócht agus i stair na Meánaoise. Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann Meiriceánach um Léann na Meánaoise agus ar choiste an Chomhdháil Mheiriceánach um Léann na hÉireann. Tá suim freisin aige i bhforbairt na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht agus d’fhoilsigh sé an leabhar Thógamar le Gaeilge Iad ar an ábhar seo in 2012.

Brian Ó Broin ar Twitter

Féach: Eachtra ar Oileán na Rún.