Nuair a thagann custaiméir ag iarraidh air grianghraif a thógáil dá bhean i seomra óstáin en flagrant délire, ceapann an comhairleoir slándála Seán Ó Maoilriain go mbeidh cíos an míosa aige dá bharr, ach is beag súil atá aige leis an gcúbláil, leis an striapachas, leis an marú, ná leis an dá chos fhada dhea-chumtha a chuireann a shaol is a intinn in aimhréidh.
1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.
Úrscéal staire a suitear sa dún deireanach i gCúige Uladh atá á chosaint ag Gaeil. 1651, tá Eoghan Rua Ó Néill ar lár agus tá fórsaí Chromail tar éis an tír a chur faoina seilbh. I gcúige Uladh, seasann buíon bheag Gael faoi cheannas Fhéilim Uí Néill. Daingníonn siad Dún Chnoc Séarlais i gcoinne na Sasanach. Is gearr go mbíonn an dún timpeallaithe ag fórsaí Shasana agus na gunnaí móra dirithe ar an ngarastún Gaelach.