Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Haileabó air le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock.
Eachtraí spleodracha Ghráinne Ní Mháille, máthair, ceannaire agus mairnéalach, bean nár smachtaíodh riamh; bean a d’fhulaing go leor ach a tháinig slán ar deireadh mar dhuine de mhórlaochra stair na hÉireann.
Scéal eipiciúil spleodrach suite ar chósta thiar na hÉireann sa 16ú haois, inste go bríomhar ag Gisela Pizatto agus maisithe go healaíonta ag Bruno Büll. Iarla Mac Aodha Bhuí a d'aistrigh.
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
Faoi dheireadh! Tá an leabhar deireanach sa triológ chugainn agus tá eipic mhór Chú Chulainn ar fad ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina choinne, Méabh, Calaitín, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon í féin. Beidh sé ina bháire fola!
Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta dó. Ach is é Fionn mac Cumhaill ceannaire na Féinne an fear sin, agus nuair a bhaintear Gráinne de téann sé féin agus an Fhiann sa tóir ar dhíoltas. Sárinsint ó thús deireadh agus sárléiriú ealaíonta le Michael McGrath ar cheann de phríomhscéalta na fiannaíochta.
Táin Bó Cuailgne, agus mar a chosain Cú Chulainn Cúige Uladh ar Mhéabh banríon Chonnacht agus ar ollsluaite na hÉireann. Seo é mór-scéal laochais na Gaeilge, agus é insithe agus léirithe go healaíonta ag Barry Reynolds san úrscéal grafach seo.
SLADMHARGADH: Na ceithre leabhar le chéile: In Ainm Dé Uilethrócairigh; An Buille Scoir; Tóraíocht Eile; Na Liopard-Fhir ó Rufiji
A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.