Beairtle Ó Conaire
As Ros Muc do Bheairtle Ó Conaire. Scríobhann sé faoina ainm féin agus faoin ainm cleite Colm Ó Nia.
Tá iliomad duais buaite aige as a chuid scríbhneoireachta, agus tá úrscéal amháin foilsithe aige, Fonn na Fola, agus trí chnuasach gearrscéalta, An Fête agus Scéalta Eile, Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt agus Lár an Domhain.
"Tugann Ó Conaire guth don mhóramh, don fhrithghaiscíoch sa bhfíorshaol, don chaillteoir de réir shlat tomhais na huaire, arbh í an bhrionglóid seachas an gníomh a neart." Tomás Mac Síomóin, Lá Nua
Lár an Domhain
Beairtle Ó Conaire€12.00
Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2004. "Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, maraon leis an ngearrscéalí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain, mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir. Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr dá bhfuil á chumadh go hidirnáisiúnta."