Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Seo é scéal Chú Chulainn, agus mar a sheas sé an fód, lena charbadóir Lao, in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann a déantar cur síos ar a óige, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, ar a chomhrac le Feardia, agus ar an iomaíócht idir Ailill is Méabh faoi tharbh na nUltach, an Donn Cuailnge. Is san 11ú hAois a scríobhadh Táin Bó Cuailnge, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.
Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. 'Caol an Iarainn is ainm dom,' a dúirt sé. 'Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.' Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. 'Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,' a dúirt Bodach an Chóta Lachna.
Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Ó bhí Fionn mac Cumhaill ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a choinneáil dóibh féin. Chun é féin a chosaint ar na naimhde sin, mhúin an banghaiscíoch Bómall d’Fhionn cén chaoi le troid. Ach chaithfeadh sé foghlaim le bheith níos stuama agus níos cliste ná duine ar bith eile beo.
Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ. Ansin tagann fear na gcoláistí samhraidh len iad a thabhairt slán — nó an dtagann?
“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....” Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta. Scríbhneoir anaithnid a scríobh 'An Ceithearnach Caoilriabhach' thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin. Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. A modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. —Booksunlimited "Leabhar grá grafach." —Foinse
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Nuair a théann cigire deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt Ghaeilgeoirí dúchasacha deireanacha ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh.
An chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. Rinne Taibhdhearc na Gaillimhe camchuairt na tíre i 2005 leis an dráma seo. Tá an dá dhráma eile sa triológ, Coinneáil Orainn agus Craos, ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac.