ceithearnach.jpg

An Ceithearnach Caolriabhach

Darach Ó Scolaí

€15.00

56 lch; clúdach crua; ISBN 978-0-898332-14-2

“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....”

Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta.

Scríbhneoir anaithnid a scríobh 'An Ceithearnach Caoilriabhach' thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin.

Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil.

A modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. —Booksunlimited 

"Leabhar grá grafach." —Foinse