Ó bhí Fionn mac Cumhaill ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a choinneáil dóibh féin. Chun é féin a chosaint ar na naimhde sin, mhúin an banghaiscíoch Bómall d’Fhionn cén chaoi le troid. Ach chaithfeadh sé foghlaim le bheith níos stuama agus níos cliste ná duine ar bith eile beo.
Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus cé hé an ceoltóir bocht atá ar thóir na feadóige?
Cluiche cláir do 2-4 imreoir (7+). Ar chlár 20" x 20" a imrítear an cluiche, agus é curtha ar fáil i mbosca láidir agus é maisithe go lándaite. Roghnaíonn gach imreoir píosa imeartha agus, le dísle agus Cártaí Sí, gluaiseann sé thar chonstaicí i rás le teacht ar an Ardrí i dTeamhair. Ina phálás i dTeamhair, tá an tArdrí timpeallaithe ag naimhde. Chun an tír a shábháil, caith?dh tú teacht i gcabhair air. Ar an mbealach castar cairde agus naimhde ort — Conán Maol, Goll mac Mórna, an Giolla Deacair, Caol an Iarainn, agus go leor eile. Ach tá contúirtí amach romhat! Le cabhair ó COGG, tá an cluiche cláir seo á chur ar fáil i gcomhar leis an tsraith nua leabhar 'Fionn'. Tá an chéad trí leabhar sa tsraith ar fáil anois, An Bradán Feasa, Dóiteoir na Samhna agus Bodach an Chóta Lachna, agus tá an cluiche cláir ar fáil i siopaí i siopaí maithe, nó le fáil tríd an bpost ar an suíomh seo. Eolas breise: www.fionn.ie