“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....” Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta. Scríbhneoir anaithnid a scríobh 'An Ceithearnach Caoilriabhach' thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin. Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. A modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. —Booksunlimited "Leabhar grá grafach." —Foinse
Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi. Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air. “Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” —Liam Mac Cóil "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta.... Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird." —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach." — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla." — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books Léirmheas ar Scéal Ghearóid Iarla ar an Dublin Review of Books Scéal Ghearóid Iarla ar Clubleabhar.com Físeáin Máire Mhac an tSaoi ag léamh as Scéal Ghearóid Iarla Agallamh le Máire Mhac an tSaoi faoi Scéal Ghearóid Iarla Scéal Ghearóid Iarla ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.
Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu. Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James 'coróin agus príomhbhua an ealaíontóra'. San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.
Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh a bhealaigh i dtreo an tsolais. Úrscéal fealsúnach é seo le duine de phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na foilsitheoireachta. Féachann An Choill le dul i ngleic le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh. Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B'fhéidir gurb é scéal gach aon duine é.
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Seo é scéal Chú Chulainn, agus mar a sheas sé an fód, lena charbadóir Lao, in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann a déantar cur síos ar a óige, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, ar a chomhrac le Feardia, agus ar an iomaíócht idir Ailill is Méabh faoi tharbh na nUltach, an Donn Cuailnge. Is san 11ú hAois a scríobhadh Táin Bó Cuailnge, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.
Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar. San úrsceal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.
I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.