Tá siopa Leabhar Breac ar oscailt mar is iondúil chun beartanna leabhar a sheoladh amach chuig ár léitheoirí ar an bpost.

an_zomba.jpg

An Zombaí

Enric Lluch

€7.50


32 lch; pictiúrleabhar, clúdach bog; 978 1 909907 47 8

Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar!

Níl sé éasca zombaí maith a fháil. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí don chomórtas mór zombaithe, ach meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?